Do Theanga, Do Rogha!
An Ghaeilge do scoláirí dara leibhéil i Loch Garman, agus níos faide
Fad is atá sibh ag dul tríd an meánscoil, is cinnte go mbeidh cúig bliana déanta agaibh ag déanamh staidéir an nGaeilge. Bíonn tuairimí difriúla ag gach aon duine ar an nGaeilge, mar is cosúil le gach ábhar ar scoil is dócha. Ach níl aon ghá do dhaoine meon iomlán acadúil a bheith acu ar an teanga.
Tá i bhfad níos mó ann ó thaobh na Gaeilge de ná siollabas an Teastais Shóisirigh nó an Ardteist. Ní hé go bhfuil An Cearrbhach Mac Cába mar thús do shaol Gaeilge, agus Gealt mar dheireadh. Tá i bhfad níos mó ann duit ná na rudaí a fhoghlaimíonn tú ar scoil. Ní hé gur drochrud é Gaeilge acadúil ach an oiread, is sár-rud í chun greim a thabhairt duit ar an teanga, ach fad is atá tú ann, is tar éis freisin, is deis iontach í ceangailt is bualadh le daoine eile, do chultúr a fhoghlaim, is do theanga féin a fhorbairt.
Fad is atá tú ar scoil, is mar dhéagóir, tá club óige lonnaithe i Loch Garman, Caife Caint, á rith ag Na Macallaí, gach Aoine in ionad Naomh Sheosaimh. Is deis ullmhór í seo do dhaoine óga a chuid Gaeilge a labhairt go sóisialta agus a fhorbairt go nádurtha, agus é seo go léir ag cuidiú le do thorthaí ar scoil sa Ghaeilge freisin. Taobh amuigh de Loch Garman, is dócha gurb é cúrsa samhraidh i nGaeltacht éigin timpeall na tíre an deis is fearr taitneamh a bhaint as an nGaeilge. Molaim do chách dul ann, am éigin fad is atá tú i do dhéagóir, agus trí seachtaine a chaitheamh i nGaelacht. Bíodh é thíos sa Rinn, siar i gConamara, sna cnoic i nDún na nGall nó fiú sall go Corca Dhuibhne. Idir céilithe, ceol, spórt agus spraoi, 99% den am, is iad na trí seachtaine seo a chuimhníonn daoine ar nuair atá siad á tharraingt a phinsean 60 bliain ina dhiaidh.
I ndiaidh na meánscoile, má bhogann tú ar aghaidh chuig ionad tríú leibhéil, tá sé beagnach cinnte go mbeidh Cumann Gaelach ann. Is as seo a gheobhaidh tú an spraoi is mó san ollscoil, chomh maith le cairde iontach! Is daoine fíor-chairdiúil Gaelgóirí! Ní hiad Cumainn Ghaelacha ach cumann in ollscoil chun suim daoine a spreagadh agus a choimeád tar éis na scoile, chomh maith le Gaeilge daoine a fhorbairt freisin, bíodh iad mic léinn Éireannacha ná mic léinn idirnáisiúnta. Idir céilithe, ranganna, díospóireachtaí, oícheanta amach, chomh maith leis na mílte rudaí eile, is fiú do Ghaeilge a choineáil. Nní gheobhfá níos mó craic san ollscoil ná leis an gCumann Gaelach!
Taobh amuigh den scoil agus an ollscoil, tá go leor deiseanna ann do dhaoine óga taitneamh a bhaint as an nGaeilge. Sna meáin, ní hé gurb iad TG4 agus Raidió na Gaeltachta tús is deireadh. Ar líne, tá an iomarca ar fáil. Tig leat éisteacht le Raidió na Life, nó Raidió RíRá, atá i bhfad níos dírithe ar dhaoine óga. Gheobhaidh tú plé ar chursaí is ghnéithe den saol le do shuim féin ann, chomh maith le ceol ann gurb fhearr le gliúin na hóige. Chomh maith leis an raidió, sna meáin foilsithe, tá Gaelscéal agus Foinse ann, agus ailt ann sa dá nuachtán dírithe go hiomlán ar dhéagóirí. Chomh maith le seo go léir, tá chuid mhaith físeanna ar líne, iad de gach sórt, ar nós TG Lurgan, T-Rex Ó Saurus, agus gan amhras, amhráin ó ghrúpaí ar nós The Rubberbandits agus The Coronas.
Is cinnte go gcaitheann roinnt mhaith scoláirí chuid ullmhór dá am pearsanta ar líne, go háirithe ar Facebook, Twitter agus gréasáin soisialta eile. Anois, tá ceann ann do Ghaelgeoirí amháin! AbairLeat.com atá ann chun do shaol soisialta a fheidhmiú go hiomlán trí mheáin na Gaeilge!
Ná déanaigí dearmad go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag titim ar an 5 Márta, le chuid ullmhór ócáidí ar siúl chun an Ghaeilge a spreagadh thar domhain, agus iad dírithe ar dhaoine de gach aois!
Ní hé gurb ábhar an Ghaeilge, is chuid dár saol í, agus fad is atá tú ag foghlaim í ar scoil, is ceart í a choinneáil tar éis, agus taitneamh ullmhór a bhaint as do theanga féin!