TUARASCÁIL : THUG AN Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deis don phobal le deireanas moltaí a roinnt leis an Stát san athbhreithniú atáthar á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is iondúil go gcuirtear fáilte roimh dheis athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú pholasaí agus chleachtais an Stáit i réimse freagrachta ar leith.

Is neamhghnách, áfach, sa chás seo go bhfuil athbhreithniú á iarraidh ar Acht de chuid an Stáit nach bhfuil deich mbliana slánaithe fós aige.

Ní haon údar iontais é mar sin go bhfuil imní á déanamh gur laghdú cumhachta agus feidhme atá ar na bacáin i ndáiríre san athbhreithniú seo.

Má fhéachtar le cearta na gcainteoirí Gaeilge a chúngú, mar thoradh ar an bpróiseas athbhreithnithe seo, beidh an baol ann go gcothófar an meon úd gur “caint san aer” atá in allagar an Stáit Éireannaigh faoina pholasaí teanga, go háirithe i bhfianaise na géarchéime teanga atá ag dul in ainseal sa Ghaeltacht.


more here